← "A Bhodaigh," arsa Caol an Iarainn, "d'fhág tú binn do chóta ar na driseacha san áit ar ghabh tú tharam tamall ó shin." 🔊
← Thug an Bodach súil siar ar a chóta agus bhí binn an chóta stróicthe de. 🔊
← "Muise, gluais leat mar sin," arsa an Bodach agus d'fhill sé sa tslí go bhfuair sé binn a chóta agus d'fhuaigh sé ar ais é. 🔊
← D'imigh sé leis ansin mar a bheadh gaoth fhuar na Márta ann agus ní dhearna sé stop ná staonadh nó gur shroich sé mullach cnoic a raibh Binn Éadair le feiceáil uaidh. 🔊